MOL MATA
Cur Síos:
Is comhthionscadal é seo idir CCEA agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar le PDST. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal tacú leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas maidir le teagasc na matamaitice.
Leis an chuspóir seo a bhaint amach, tá réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte. Dearadh iad seo go speisialta le deis a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta a gcuid smaointeoireachta agus teanga mhatamaiticiúil a fhorbairt ar bhealach spraíúil.
AN TAIRSEACH
Cur Síos:
Is suíomh nua é An Tairseach ina féidir le múinteoirí cuardach a dhéanamh ar acmhainní ó thaobh ábhar agus rang leibhéil de. Tá COGG ag bailiú le chéile na hacmhainní ar líne go léir in aon áit amháin chomh maith le acmhainní nua a fhoilsiú go rialta.
Tá an seimineár seo oiriúnach do gach leibhéal sa bhunscoil.
Láithreoir: Frank Ó Tormaigh - Oifigeach Oideachais Digiteach leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).
Course date | 21-09-2022 4:00 pm |
Course End Date | 21-09-2022 6:00 pm |
Capacity | 18 |
Cut off date | 21-09-2022 5:00 pm |
Individual Price | Free |
Speaker | Frank Ó Tormaigh |
Number Hours | 2 |
Location | Education Centre Tralee |