Díreofar sa cheardlann seo ar straitéisí úsáideacha chun an teagasc agus an fhoghlaim teanga a chur chun cinn le húsáid na teicneolaíochta sa suíomh lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Léireofar samplaí praiticiúla go feidhmiúil agus tabharfar spleáchadh ar úsáid phraiticiúil na teicneolaíochta chun foghlaim na teanga a éascú agus a neartú go gníomhach agus go hidirghníomhach. Cuirfear liosta de straitéisí, moltaí agus acmhainní ar fáil do rannpháirtithe ag deireadh na ceardlainne.
Beathaisnéis
An Dr. Karen Ní Chlochasaigh, Dámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál
Is léachtóir í an Dr. Karen Ní Chlochasaigh ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, Coláiste Mhuire gan Smál. Tá spéis ar leith aici i sealbhú éifeachtach an dara teanga agus úsáid na teicneolaíochta ar bhealaí praiticiúla agus ilmhódacha chun tacú le turas teanga an fhoghlaimeora. Baineann sí úsáid as an teicneolaíocht go feidhmiúil chun deiseanna úsáide agus forbartha teanga a chur ar fáil do fhoghlaimeoirí chun gníomhaíocht, idirghníomhaíocht agus rannpháirtíocht a spreagadh.
An Dr. TJ Ó Ceallaigh, Dámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál
Is comhordaitheoir an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta é an Dr. TJ Ó Ceallaigh i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá saineolas ar leith faighte aige maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú laistigh den teagasc agus den fhoghlaim chun go mbeidh an oideolaíocht agus an teicneolaíocht ag tacú lena chéile. Déanann sé iniúchadh ar theicneolaíochtaí digiteacha atá an-nuálach chun cuir chuige oideolaíocha úrnua sa dearadh foghlama cumaisc a fhorbairt.
| Course Start Date / Time | 09-11-2020 7:00 pm |
| Course End Date / Time | 09-11-2020 8:00 pm |
| Cut off date | 09-11-2020 5:00 pm |
| Fee | Free |
| Number Hours | 1 hour |
| Speaker | An Dr. Karen Ní Chlochasaigh & An Dr. TJ Ó Ceallaigh |
| Location | Online |